21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/21


Caingean arna tabhairt an 20 Lúnasa 2022 – Sberbank of Russia v an Coimisiún agus BRA

(Cás T-526/22)

(2022/C 441/28)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sberbank of Russia OAO (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Pirovano, M. Moretto agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóirí: An Coimsiún Eorpach agus an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh SRB/EES/2022/20 maidir le scéim réitigh a ghlacadh i leith Sberbank d.d., arna eisiúint ag an mBord Réitigh Aonair an 1 Márta 2022, mar aon le Tuarascáil Luachála 1 arna eisiúint ag an mBord Réitigh Aonair an 27 Feabhra 2022 agus an Tuarascáil Luachála 2 arna eisiúint ag an mBord Réitigh Aonair an 27 nó an 28 Feabhra 2022 a chur ar neamhní;

an cinneadh 2022/947 ón gCoimisiún Eorpach (AE) an 1 Márta 2022 lena bhformhuinítear an scéim réitigh do Sberbank banka d.d. a chur ar neamhní; (1)

a ordú don Bhord Réitigh Aonair agus don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí a iompar.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheanglais riachtanacha nós imeachta.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe sa mheastóireacht fhoriomlán ar na coinníollacha a bhaineann leis an scéim réitigh agus sárú ar Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, (2) chomh maith le sárú ar Airteagal 39 de Threoir 2014/59/AE, (3) agus sárú ar an gceart bunúsach chun maoine agus ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh.


(1)  IO 2022 L 164, lch. 63.

(2)  Rialachán (AE) ón gComhairle Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat chun institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a ghnóthú agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).