10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/19


Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – Golovaty v an Chomhairle

(Cás T-521/22)

(2022/C 389/22)

Teanga an cháis: An Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ivan Ivanovich Golovaty (Soligorsk, an Bhealarúis) (ionadaí: V. Ostrovskis, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir (Iarscríbhinn A.2);

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (2) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir (Iarscríbhinn A.3);

a ordú don Chomhairle costais agus caiteachais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta.

Tá roinnt téarmaí sna cúiseanna le liostú an iarratasóra nach bhfuil sainmhínithe sna hAchtanna a chonspóidtear ná sa chásdlí. Mar thoradh air sin, níl an bhrí atá leo soiléir don iarratasóir, agus ní féidir leis iad a thuiscint gan athbhrí ná cinneadh a dhéanamh conas gníomhú i gcomhthéacs na mbeart a ghlac an Chomhairle ina choinne.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe.

Theip ar an gComhairle an bealach a bhaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó a dtacaíonn sé leis a léiriú. Mar sin, theip ar an gComhairle a chruthú go mbaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó go dtacaíonn sé leis.

Theip ar an gComhairle an bealach ina bhfuil an t-iarratasóir freagrach as cur faoi chois na sochaí sibhialta a léiriú. Mar sin, theip ar an gComhairle a chruthú go bhfuil an t-iarratasóir freagrach as cur faoi chois na sochaí sibhialta.

Tá an chuid is mó den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird neamhiontaofa, míchruinn nó neamhbhainteach leis an iarratasóir nó leis na cúiseanna leis an liostú.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú díréireach ar chearta maoine.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a thabhairt.

6.

An séú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an bprionsabal maidir le cearta na cosanta a urramú.


(1)  IO 2022 L 153, lch. 77.

(2)  IO 2022 L 153, lch. 1.