17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/33


Caingean arna tabhairt an 26 Lúnasa 2022 – GKP v EUIPO – Cristalfarma (TIARA RUBIS)

(Cás T-518/22)

(2022/C 398/40)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: GKP GmbH (Ehrenhausen an der Weinstraße, an Ostair) (ionadaí: I. Hödl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Cristalfarma Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “TIARA RUBIS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 205 571

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Meitheamh 2022 i gCás R 1878/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

mír 2 den chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

seasamh go huile agus go hiomlán le mír 1 den chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid; agus

a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí, na costais a íoc, lena n-áirítear costais na gcéimeanna níos luaithe na n-imeachtaí.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí áirithe in aicme 35;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le hearraí in aicme 5 agus seirbhísí áirithe.