3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/23 |
Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2022 – UGA Nutraceuticals v EUIPO – BASF (OMEGOR VITALITY)
(Cás T-496/22)
(2022/C 380/28)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: UGA Nutraceuticals Srl (Gubbio, an Iodáil) (ionadaithe: M. Riva, J. Graffer agus A. Ottolini, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: BASF AS (Osló, an Iorua)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh OMEGOR VITALITY – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 082 021
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Meitheamh 2022 i gCás R 1200/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do na freagróirí costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |