19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/96 |
Caingean arna tabhairt an 8 Lúnasa 2022 – Cathay Pacific Airways v an Coimisiún
(Cás T-489/22)
(2022/C 359/118)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Cathay Pacific Airways Ltd (Hong Cong, an tSín) (ionadaithe: M. Rees agus E. Estellon, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a ordú don Aontas Eorpach (dá ndéanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht), de bhun Airteagail 268 agus 340 CFAE:
|
— |
thairis nó de rogha air sin, de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh Ares(2022)5454770 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 a neamhniú, agus a ordú go n-íocfar na suimeanna atá á lorg sa mhír thuas; |
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach na costais go léir arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc sna himeachtaí seo. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear Airteagal 266 CFAE leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 (1) ón gCoimisiún leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 266 CFAE. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur cheart an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú toisc cúiseanna neamhleora a bheith leis. |
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO 2012 L 362, lch. 1).