|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/96 |
Caingean arna tabhairt an 8 Lúnasa 2022 – Kaufdas.online v EUIPO – Kaufland (KAUFDAS ONLINE)
(Cás T-488/22)
(2022/C 359/117)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Kaufdas.online sp. z o.o. (Gubin, an Pholainn) (ionadaí: P. Kurcman, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Kaufland Dienstleistung GmbH & Co. KG (Neckarsulm, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Iarratasóir:
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh leis na gnéithe focail “KAUFDAS ONLINE” – Iarratas Uimh. 18 113 140
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 30 Bealtaine 2022 i gCás R 1972/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
An Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
Cinneadh ón Rannán Freasúra an 28 Meán Fómhair 2021 in Imeachtaí Freasúra Uimh. B 3 106 146 a chur ar neamhní maidir leis na hearraí agus na seirbhísí go léir ar seasadh leis an bhfreasúra ina leith; |
|
— |
an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO chun go bhféadfaidh sé an cinneadh maidir le substaint an cháis a leasú agus trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 113 140 a chlárú maidir leis na n-earraí agus na seirbhísí go léir lena mbaineann gan dochar dóibh siúd nach bhfuil faoi chonspóid; |
|
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair an Rannáin Fhreasúra, an Bhoird Achomhairc agus na Cúirte Ginearálta a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |