26.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 368/27


Caingean arna tabhairt an 20 Iúil 2022 – QN v an Coimisiún

(Cás T-464/22)

(2022/C 368/46)

Teanga an cháis an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: QN (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, C(2020) 8550 final, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid mheasúnaithe maidir le cibé ar comhlíonadh ceanglais chomhoiriúnachta Scéim III den Zona Franca da Madeira (“ZFM”), go háirithe i dtaobh fhoinse na mbrabús de agus i dtaobh cruthú agus coinneáil post sa réigiún.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún moill mhíchuí agus na leaganacha comhleantacha ZFM á leasú i dtaobh an chineáil caidrimh fostaíochta atá ann, i dtaobh na critéire maidir le líon na bpost arna gcruthú/gcoinneáil a ríomh agus i dtaobh shuíomh geografach na bpost sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, a mhéid nár sonraíodh cúiseanna go leordhóthanach faoin gcaoi a bhfuil poist ZFM le cur i dtuiscint agus i dtaobh na gníomhaíochta arna déanamh le héifeacht agus ar chaoi thábhachtach i Maidéara.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun próis chóir agus ar phrionsabal chomhionannas na n-arm i bhfianaise na moille a rinne an Coimisiún agus creat dlíthiúil ZFM á cheartú aige agus i bhfianaise na tréimhse gearr ama a tugadh don iarratasóir chun a cheart chun cosaint a fháil a fheidhmiú.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an ionchas dlisteanach toisc na moille a bhí ar ghníomhaíocht an Choimisiúin agus toisc inneachar an chinnidh atá faoi chonspóid.

6.

An séú saincheist lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla toisc na moille a bhí ar ghníomhaíocht an Choimisiúin agus toisc leasú na scéime Státchabhrach a bhí i bhfeidhm le linn tréimhse áirithe rialála.