|
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/56 |
Caingean arna tabhairt an 20 Iúil 2022 – Millennium BCP Participações agus BCP África v an Coimisiún
(Cás T-462/22)
(2022/C 340/76)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóirí: Millennium BCP Participações, SGPS, SU, Lda (Funchal, an Phortaingéil), BCP África, SGPS, Lda (Funchal) (ionadaithe: B. Santiago, L. do Nascimento Ferreira, P. Gouveia e Melo, D. Oda agus A. Queiroz Martins, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach litir an 28 Meitheamh 2006 lenar chuir údaráis na Portaingéile an dréachtbheart “Scéim III” in iúl don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, a thabhairt ar aird chun í a chur sa cháschomhad, lena n-áirítear na doiciméid go léir i gceangal leis an litir sin, i gcomhréir agus chun críocha Airteagail 88(1) agus (2) agus 89(3)(d) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta; |
|
— |
Airteagail 1 agus 4(1) de Chinneadh an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, C(2020) 8550 final, maidir leis an scéim tacaíochta SA.21259 (2018/C) (2018/NN roimhe seo) arna cur i bhfeidhm ag an bPortaingéil a mhaithe le Crios Saorthrádála Mhaidéara (CSM) — Scéim III, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad leis na sociedades gestoras de participações sociais (na cuideachtaí sealbhaíochta, “SGPS”) dá dtagraítear in Airteagal 36(8) den Estatuto dos Benefícios Fiscais (Reacht na Sochar Cánach), ina n-áirítear na hiarratasóirí; |
|
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear costais na n-iarratasóirí. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh earráid dlí le sárú ar an oibleagáid réasúin a shonrú, a chumhdaítear le hAirteagal 296 CFAE.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh earráid dlí le sárú ar Airteagal 108(3) CFAE toisc go n-áirítear SGPS i measc na dtairbhithe atá faoin dualgas aisghabhála i gcás nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le fostaíocht a chruthú i gCinneadh an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, C(2020) 8550 final, maidir leis an scéim tacaíochta SA.21259 (2018/C) (2018/NN roimhe seo) arna cur i bhfeidhm ag an bPortaingéil ar mhaithe le Crios Saorthrádála Mhaidéara (CSM) — Scéim III.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh earráid dlí le sárú ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.