10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/12


Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2022 – Sberbank Europe v BRA

(Cás T-450/22)

(2022/C 389/14)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sberbank Europe AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

A dhearbhú go bhfuil an cinneadh ón mBord an 1 Márta 2022, lena ndearbhaíodh nach bhfuil gníomhaíocht réitigh ag teastáil, ar neamhní de réir Airteagal 264 CFAE a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don Bhord Réitigh Aonair costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndeachaigh an Bord thar a dhlínse trí chinneadh a ghlacadh i ndáil leis an iarratasóir seachas staonadh ó aon ghníomhaíochtaí i gcomhréir lena chinneadh nár comhlíonadh na coinníollacha in Airteagal 18 de Rialachán “SRA” (1).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Bord an ceart chun éisteacht a fháil a thabhairt don iarratasóir .

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nár thug an Bord ráiteas dóthanach ar chúiseanna.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear nár thug an Bord aird chuí ar na riachtanais faoi Airteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear nár thug an Bord nó Banc Ceannais na hEorpa aird ar fhionraíocht dhliteanais an iarratasóra.

6.

An séú saincheist lena n-éilítear gur sháraigh an Bord prionsabal na comhréireachta trína mhainneachtain neart roghanna follasacha eile, nach mbeadh chomh trom sin, a mheas, lena n-áirítear an t-iarratasóir a aistriú chuig scairshealbhóir eile.

7.

An seachtú saincheist lena n-éilítear gur mhainnigh an Bord an plean réitigh a leanúint gan an cinneadh sin a mhíniú in aon chaoi a mbeadh dealramh leis.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).