29.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 326/24


Caingean arna tabhairt an 11 Iúil 2022 – Coljnar v EUIPO – Barbarian Sports Wear (Barbarian fashion)

(Cás T-427/22)

(2022/C 326/33)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an tSlóivéinis

Páirtithe

Iarratasóir: Nataly Coljnar (Maribor, an tSlóivéin) (ionadaí: A. Pregelj, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Barbarian Sports Wear Inc. (Kitchener, Ontario, Ceanada)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Barbarian fashion” – Iarratas ar chlarú Uimh. 18 180 380

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Bealtaine 2022 i gCás R 1953/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don chuideachta Barbarian Sports Wear Inc. a gcostais féin agus costais an iarratasóra a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.