22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/49


Caingean arna tabhairt an 11 Iúil 2022 – Kalypso Media Group v EUIPO (COMMANDOS)

(Cás T-425/22)

(2022/C 318/63)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Kalypso Media Group GmbH (Worms, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Boddien, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar chlárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “COMMANDOS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 062 634

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Aibreán 2022 i gCás R 1864/2020-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO íoc as na costais.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.