19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/80


Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2022 – Max Heinr. Sutor v SRB

(Cás T-423/22)

(2022/C 359/98)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Max Heinr. Sutor OHG (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Glos, M. Rätz, T. Kreft agus H.-U. Klöppel, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an Bhoird Réitigh Aonair an 11 Aibreán 2022 maidir le ranníocaíochtaí ex ante 2022 leis an gCiste Aonair Réitigh a ríomh (SRB/ES/2022/18) a chur ar neamhní a mhéid a baineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 5(1)(e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 (1) toisc nach ndearna an cosantóir an t-airgead cliant a bhí i seilbh an iarratasóra ar bhonn muiníneach a eisiamh ó ríomh na ranníocaíochta 2022. Tá Airteagal 5(1)(e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 infheidhme maidir le hairgead cliant atá faoi chosaint dócmhainneachta ós rud é gur chomhlíon an t-airgead sin na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm de réir fhoclaíocht shoiléir na fórála sin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, (2) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE, (3) a mhéid a fhorchuirtear leis an gcinneadh ranníocaíocht atá méadaithe go suntasach ar bhonn na ndliteanas muiníneach (saor ó riosca) arna léiriú ag an iarratasóir sa chlár comhardaithe agus sin amháin. Níl an cinneadh iomchuí ná riachtanach chun na cuspóirí a shaothraítear leis an ranníocaíocht a bhaint amach, agus níl na míbhuntáistí a bhaineann leis an gcinneadh sin comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne, ós rud é go ndéileálann an cinneadh leis an iarratasóir go míchothrom, gan aon údar oibiachtúil, i gcomparáid le hinstitiúidí creidmheasa nach gceanglaíonn a gcaighdeáin chuntasaíochta náisiúnta go ndéanfaí dliteanais mhuiníneacha a iontráil sa chlár comhardaithe de réir chaighdeáin IFRS (Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais), agus i gcomparáid le gnólachtaí infheistíochta nach raibh údaraithe mar institiúidí creidmheasa agus a raibh airgead cliant ina seilbh acu.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), toisc go bhfuil méadú suntasach tar éis teacht ar ranníocaíocht an iarratasóra don bhliain 2022 mar thoradh ar na dliteanais mhuiníneacha atá saor ó riosca a bheith san áireamh sa bhonn measúnaithe.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 49 CFAE i gcomhar le hAirteagal 54 CFAE, a mhéid is go gcuireann an cinneadh srian díréireach ar shaoirse an iarratasóra chun a ghníomhaíochtaí gairmiúla a shaothrú sa Bhallstát ina bhfuil a phríomháit ghnó, agus go ndéanann an srian sin idirdhealú i gcoinne an iarratasóra i gcomparáid le gnólachtaí infheistíochta i mBallstáit eile a bhí údaraithe ag an am céanna mar institiúidí creidmheasa.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil faoi Airteagal 41(1) agus (2)(a) den Chairt, toisc gur bhronn an cosantóir tréimhse comhairliúcháin neamhleor de 11 lá oibre don iarratasóir chun an dréachtchinneadh a scrúdú agus chun a bharúlacha a thíolacadh i gcomhthéacs an chomhairliúcháin.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt agus ar an dara mír d’Airteagal 296 CFAE, toisc nach gcuireann an ráiteas ar na cúiseanna a ghabhann leis an gcinneadh a chonspóidtear ar chumas an iarratasóra méid a ranníocaíochta a fhíorú go leordhóthanach.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun leigheas éifeachtach dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, toisc nach bhfágann an ráiteas ar na cúiseanna i gceist gur féidir leis an iarratasóir tuiscint leordhóthanach a fháil ar dhlíthiúlacht an chinnidh nó agóid a dhéanamh ina leith.

9.

An naoú saincheist dlí (mar mhalairt air sin) lena n-éilítear, go bhfuil an bonn measúnaithe faoi Airteagal 14(2) agus faoi Airteagal 3(11) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1)(e) agus Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 neamhbhailí, dá léireofaí é sa chaoi nach mór dliteanais mhuiníneacha gnólachtaí infheistíochta a údaraíodh freisin mar institiúidí creidmheasa a chur san áireamh agus an ranníocaíocht á ríomh, toisc go mbeadh sárú ann ar Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE, prionsabal na córa comhionainne, Airteagal 16 den Chairt agus Airteagal 49 CFAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 54 CFAE.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante do shocruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).