22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/45 |
Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2022 – Colombani v SEGS
(Cás T-414/22)
(2022/C 318/60)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Jean-Marc Colombani (Auderghem, an Bheilg) (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)
Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh an 13 Deireadh Fómhair 2021 ó Stiurthóir na n-Acmhainní Daonna, lena seoladh sraith CVanna chuig an iarratasóir a ndearnadh cinsireacht orthú agus a míléiríodh sa chaoi go raibh baint acu leis an tiomantas ar thug SEGS faoi Chomhaontú an 9 Feabhra 2021, a neamhniú; |
— |
Comhaontú ar thángthas air ar an 9 Feabhra 2021 i gCás T-507/20 as thoiliú truaillithe agus neamhchomhlíonadh SEGS maidir lena théarmaí, a neamhniú; |
— |
Cinneadh an 29 Márta 2022 ó Ard-Stiurthóir na n-Acmhainní de chuid SEGS, lena ndiúltaítear do ghearán R/618/21 ón iarratasóir as neamhchomhlíonadh ceann d’fhorálacha riachtanacha an Chomhaontaithe ar thángthas air ar an 9 Feabhra 2021 i gCás T-507/20 lena bhforáiltear go ndéanfadh SEGS “na heilimintí a bhaineann le cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil na n-iarrthóirí a gceapann an painéal réamhroghnúcháin gurb iad na hiarrthóirí is fearr a gcomhlíonann na critéir réamhroghnúcháin i leith sraith nósanna imeachta a shonraítear sa Chomhaontú” a sheoladh chuig an iarratasóir, a neamhniú a mhéid atá riachtanach; |
— |
A ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
I dtaca leis an gcaingean i gcoinne an chinnidh don iarraidh le haghaidh rochtain ar dhoiciméid, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí i ndáil leis an léirmhíniú ar choincheap sonraí pearsanta agus leis an léirmhíniú ar Rialacháin 2018/1725 (1) (2) (3) agus 1049/2001, (4) mí-úsáid cumhachtaí agus léirmhíniú ar Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne”) atá ar neamhréir le forálacha na Rialachán sin. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear neamhchomhlíonadh Airteagal 52 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sárú ar Airteagal 45 Rialachán 2018/1725, a mhéid a dhéantar sárú le teorainn leis an gceart rochtana ar phrionsabal an dea-riaracháin, ar an gceart chun trialach córa, ar phrionsabal chomhionannas na n-arm, ar an gceart chun leighis éifeachtach a fháil agus lena ndéantar aon athbhreithniú breithiúnach ar na gníomhartha a chonspóidtear a chosc. |
3. |
An triú saincheist dlí lena n-éilítear gur diúltaíodh d’argóint SEGS nach ndearna sé ach an ghearáin a scoradh gan dul i ngleic le substaint an ghearáin a taisceadh, agus lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a shonrú i dtaca le diúltú an ghearáin a bhaineann le neamhdhleathacht an tsriain ar an gceart rochtana. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear drochriaracháin agus sárú ar na Rialacháin Foirne mar gheall ar chlaontacht agus choimhlint leasa údair na gcinnidh atá faoi chonspóid. |
I dtaca leis an gcaingean le haghaidh neamhniú ar an gcomhaontú frithpháirteach agus an scor i gCás T-507/20, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist, ar príomh-shaincheist é, lena n-éilítear calaois agus neamhbhailíocht an chomhaontaithe i gCás T-507/20. |
2. |
An dara saincheist, atá mar shaincheist tánaisteach, lena n-éilítear neamhchomhlíonadh SEGS maidir leis an gcomhaontaithe agus go ndearna SEGS res judicata a agairt go mícheart. |
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí,
(2) oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena
(3) n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).