29.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 326/22


Caingean arna tabhairt an 4 Iúil 2022 – PAN Europe v an Coimisiún

(Cás T-412/22)

(2022/C 326/30)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: A. Bailleux, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh ón gCoimisiún, dár dáta an 27 Aibreán 2022, a neamhniú, lenar diúltaíodh d’iarraidh an iarratasóra ar athbhreithniú inmheánach, maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún, (1) a mhéid a chuirtear dáta éaga an tréimhse formheasta do démhocsastróibin ar athló leis an gcinneadh;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist, atá mar phríomh-shaincheist, lena n-éilítear nach mór an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú toisc é a bheith bunaithe ar léirmhíniú neamhdhleathach ar Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 (“Rialachán PPP”). (2)

Líomhnaítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar léirmhíniú ar Airteagal 17 den Rialachán PPP nach bhfuil comhoiriúnach leis na gnéithe seo a leanas:

na ceanglais shubstaintiúla a leagtar síos in Airteagail 4, 5 agus 21 den Rialachán PPP agus pointe 3.6.5. d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis agus atá in Airteagail 9, 11, 168 agus 191 CFAE agus in Airteagail 35 agus 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

na ceanglais maidir le luas atá in Airteagail 7, 9, 12, 14 agus 15 den Rialachán PPP.

2.

An dara saincheist, atá mar shaincheist tánaisteach, lena líomhnaítear nach mór Airteagal 17 den Rialachán PPP a fhágáil gan feidhm, de réir Airteagal 277 CFAE, toisc é a bheith ar neamhréir le prionsabal an réamhchúraim, le hAirteagail 9, 11, 168 agus 191 CFAE, agus le hAirteagail 35 agus 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Áitítear gur cheart Airteagal 17 den Rialachán PPP a fhágáil gan feidhm chun críocha na n-imeachtaí seo, dá mbeadh tuairim ag an gCúirt go bhfuil léirmhíniú cuí ar an Airteagal sin mar bhonn leis an gCinneadh atá faoi chonspóid (agus leis an Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún), de bhun Airteagal 277 TFEU, toisc go mbeadh sé ar neamh-chomhréir le prionsabal an réamhchúraim, le hAirteagail 9, 11, 168 agus 191 CFAE, agus le hAirteagail 35 agus 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, ní fhéadfadh go mbeadh Airteagal 17 mar údar maith dlí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, agus ní mór, mar sin, dó a bheith fágtha gan feidhm.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2001/2068 an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (IO 2021 L 421, lch. 25).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1).