3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 380/14


Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – Dz Hyp v BRA

(Cás T-402/22)

(2022/C 380/16)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: DZ Hyp AG (Hamburg, an Ghearmáin) (iondaithe: H. Berger agus M. Weber, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2022 (SRB/ES/2022/18), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann an cinneadh atá faoi chonspóid, lena n-áirítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III leis an gcinneadh sin, le ranníocaíocht an iarratasóra;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Mar mhalairt air sin, sa chás ina measann an Chúirt Ghinearálta nach ann don chinneadh ó thaobh dlí de, de bharr gur úsáid an cosantóir an teanga oifigiúil mhícheart, agus go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú do-ghlactha dá bhrí sin ar an bhforas go bhfuil an chaingean gan chuspóir, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú nach ann don chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh dlí de;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ardaíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leo siúd a ardaíodh i gCás T-396/22 Landesbank Baden-Württemberg v BRA.