3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 380/10


Caingean arna tabhairt an 28 Meitheamh 2022 – Deutsche Bank v BRA

(Cás T-398/22)

(2022/C 380/12)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Deutsche Bank AG (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger agus M. Weber, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2022 (SRB/ES/2022/18), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann an cinneadh atá faoi chonspóid, lena n-áirítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III leis an gcinneadh sin, le ranníocaíocht an iarratasóra;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh an oibleagáid maidir le cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus an ceart bunúsach chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí faoin gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, toisc go bhfuil roinnt bearnaí sa ráiteas ar na cúiseanna, go háirithe i dtaca leis an gcaoi a chuir an cosantóir i bhfeidhm roinnt cumhachtaí lánroghnacha arna leagan síos le dlí, toisc nach nochtar sonraí maidir le hinstitiúidí eile agus toisc go bhfiul sé nach mór dodhéanta athbhreithniú breithiúnach a fháil ar an gcinneadh.

2.

An dara saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 (1) arna léamh i gcomhar le hAirteagail 69 agus 70 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (2) agus Airteagail 16, 17, 41 agus 52 den Chairt a mhéid a shocraigh an cosantóir spriocleibhéal bliantúil le haghaidh 2022 ag EUR 14 253 573 821,46; mar mhalairt air sin, sáraítear le hAirteagail 69 agus 70 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 dlí ar leibhéal níos airde.

3.

An tríú saincheist dlí: Sáraítear le hAirteagail 6, 7 agus 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 (3) agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis dlí ar chéim níos airde toisc, inter alia, go sáraítear an prionsabal go ndéanfar ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca, prionsabal na comhréireachta agus an prionsabal go gcuirfear san áireamh na fíorais go léir.

4.

An ceathrú saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh saoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh de bhun Airteagal 16 den Chairt agus prionsabal na comhréireachta toisc nach bhfreagraíonn na hiolraitheoirí coigeartaithe ar bhonn an phróifíl riosca le hardchumas iompartha caillteanais an iarratasóra agus an riosca atá íslithe go mór dá bhrí sin go mbainfear leas as an gCiste Réitigh Aonair sa chás go ndéantar é a réiteach.

5.

An cúigiú saincheist dlí: Sáraítear leis an gCinneadh Airteagail 16 agus 20 den Chairt, prionsabal na comhréireachta agus an ceart chun dea-riaracháin de bharr earráidí follasacha arna ndéanamh ag an gcosantóir i bhfeidhmiú na gcumhachtaí lánroghnacha éagsúla.

6.

An séú saincheist dlí: Sáraítear leis an gcéad abairt agus leis an dara habairt d’Airteagal 20(1) den Rialachán Tarmligthe Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE (4) agus an prionsabal go ndéanfar na ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 ón gComhairle an 19 Nollaig 2014 lena sonraítear coinníollacha aonfhoirmeacha chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair (IO 2015 L 15, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 255, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE maidir le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).

(4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).