22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/43 |
Caingean arna tabhairt an 1 Iúil 2022 – QF v an Chomhairle
(Cás T-386/22)
(2022/C 318/57)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: QF (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2022/582 (1) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 (2) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar earráid fhollasach measúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíonann aon chuid den fhianaise ón gComhairle ceanglais chásdlí na hEorpa i dtéarmaí chaighdeán agus cháilíocht na fianaise agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil aon cheann de na dearbhuithe i ráiteas na Comhairle ar na cúiseanna bunaithe. Ar deireadh, cuireann an t-iarratasóir eilimintí de chineál airgeadais ar fáil chun tacú lena shaincheist, lena bhféadfar a dhearbhú go bhfuil ráiteas ar chúiseanna na Comhairle mícheart.
(1) Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 55).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3).