|
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/45 |
Caingean arna tabhairt an 30 Meitheamh 2022 – Good Services v EUIPO – ITV Studios Global Distribution (EL ROSCO)
(Cás T-381/22)
(2022/C 340/63)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Good Services ltd. (Sliema, Málta) (ionadaí: L. Alonso Domingo, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: ITV Studios Global Distribution Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílséanach an trádmhairc atá faoi cheist: an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc “EL ROSCO” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 907 312
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 20 Aibreán 2022 i gCás R 959/2021 – 1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus clárú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 907 312 a dheimhniú i gcomhair na n-earraí agus na seirbhísí go léir a bhí faoi réir a dheonaithe nó, mar mhalairt rogha, an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc de EUIPO lena bhreithniú tuilleadh i ndiaidh treoracha a fháil ón gCúirt Ghinearálta. |
|
— |
a ordú don bhfreagróir costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO roimhe seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
— |
Sárú ar an gcásdlí lena ndéantar léirmhíniú ar an Airteagal sin, ar choincheap an mheoin mhímhacánta agus ar an am a bhfuil measúnú le déanamh ar choincheap an mheoin mhímhacánta. |