|
29.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 326/22 |
Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – Cayago Tec v EUIPO – iAqua (Feithiclí scairdsciála, Mótarbháid)
(Cás T-377/22)
(2022/C 326/29)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Cayago Tec GmbH (Bad Salzuflen, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Güell Serra, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: iAqua (Shenzen) Ltd (Shenzen, an tSín)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh an Aontais Eorpaigh (Feithiclí scairdsciála, Mótarbháid) – Dearadh Uimh. 6 611 570-0001 den Aontas Eorpach
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 19/04/2022 i gCás R 951/2021-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don idiragraí eile sna himeachtaí os comhair EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí
|
— |
Sárú ar Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le hAirteagail 4 agus 6 den Rialachán sin. |