1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/39 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Bindl v an Coimisiún
(Cás T-354/22)
(2022/C 294/56)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Thomas Bindl (München, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Herbrich, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an tarchur de shonraí pearsanta an iarratasóra a thionscain an cosantóir, de shárú ar Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725, chuig faighteoirí atá bunaithe i dtríú Stáit nach bhfuil leibhéal cosanta leormhaith ann, tráth a bhreathnaigh sé ar an suíomh Gréasáin “https://futureu.europa.eu” an 20 Márta 2022 agus an 8 Meitheamh 2022, agus le linn dó clárú don ócáid “GoGreen” an 30 Márta 2022, neamhbhailí; |
— |
a dhearbhú gur mhainnigh an cosantóir, go neamhdhleathach, freagairt ar iarraidh an iarratasóra an 1 Aibreán 2022 ar rochtain maidir lena shonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag an gcosantóir agus i dtaca leis na bearta cosanta leordhóthanacha de bhun Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le tarchur na sonraí chuig faighteoirí atá bunaithe i dtríú Stáit; |
— |
a ordú don chosantóir damáiste ar luach EUR 1 200,00a chúiteamh, móide ús ar dhá phointe céatadáin os cionn an ráta úis arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach dá phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, ó lá fhógartha an bhreithiúnais, a bhain don iarratasóir mar gheall ar chur i bhfeidhm mícheart Rialachán (AE) 2018/1725; |
— |
a ordu don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí: cur i bhfeidhm mícheart na chéad abairte d’Airteagal 46 agus Airteagal 48(1) agus (2)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 (1)
|
2. |
An dara saincheist dlí: sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra de bhun Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha (an Chairt)
|
3. |
An tríú saincheist dlí: sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra de bhun Airteagal 47 den Chairt
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí: cur i bhfeidhm mícheart Airteagal 17(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 14(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/1725
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí: damáiste neamhábhartha a dhéanamh De bharr gur diúltaíodh d’iarraidh an iarratasóra ar rochtain agus gur tarchuireadh a shonraí pearsanta ar bhealach neamhrialaithe chuig faighteoirí atá bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i ngeall ar an gcontúirt lena mbaineann i dtaca le faireachán neamhdhleathach ar mhalartuithe ar an idirlíon, bhain damáiste neamhábhartha EUR 1 200 don iarratasóir. |
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39)