25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/57 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Mozelsio v an Coimisiún
(Cás T-343/22)
(2022/C 284/79)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Muriel Mozelsio (Enghien, an Bheilg) (ionadaithe:: D. Grisay agus A. Ansay, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an t-iarratas seo maidir le cealú/ dliteanas seach-chonarthach/ measúnú teagmhasach ar bhailíochta a ghlacadh; |
— |
a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha agus, uime sin, |
— |
go príomha
|
— |
mar mhalairt rogha
|
— |
mar phointe is tánaistí
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Airteagal 77(1) agus Airteagal 11(2) d’Iarscríbhinn VII den Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“an rialachán”) neamhdhleathach. Chun teacht le neamhdhleathacht na bhforálacha thuasluaite, áitíonn an t-iarratasóir nach mór d’oifigeach nó do ghníomhaire a bheith in ann rogha fheasach a dhéanamh maidir lena chuid cearta pinsin náisiúnta a aistriú go córas na hEorpa agus a phinsean á thógáil aige agus ní roimhe sin. Tá éagsúlacht sa bhealach a gcaitear le hoifigeach ar chaith a ghairm ar fad sa chóras Eorpach nó oifigeach a tháinig i mbun gairme sna hinstitiúidí Eorpacha gan a chuid chearta a fhuair sé cheana féin i gcóras pinsin Ballstáit a aistriú faoi mar a chuirtear an riail i bhfeidhm i láthair na huaire. Mar sin, tá an t-iarratasóir den tuairim go bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe á shárú, rud a fhágfadh go bhfuil na forálacha atá faoi chonspóid neamhdhleathach. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an dualgas cúraim atá ann i leith leas na foirne agus an dualgas cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 24 den rialachán á sárú. Agraíonn an t-iarratasóir nár tugadh aon tábla dó lena soiléirítear go ndlitear di a gcomhionann achtúireach neamhlaghdaithe de na suimeanna arna n-íoc isteach ina córas náisiúnta bunaidh nár cláraíodh i gcóras pinsin an Aontais a aisíoc di agus a chuid cearta pinsin á n-aistriú. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe á sárú. Dar leis an iarratasóir, tá prionsabal na córa comhionainne á shárú agus idirdhealú gan údar á dhéanamh ó tharla go n-aisíoctar d’oifigigh áirithe agus a gcuid cearta pinsin á n-aistriú agus nach n-aisíoctar oifigigh eile. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gurb ann do shaibhriú éagórach chun dochar an iarratasóra. Áitíonn an t-iarratasóir nach ndearnadh breis agus a chomhionann achtúireach den mhéid nach gcuirtear san áireamh agus an bónas sinsearachta a aisíoc ar aistriú a gcuid cearta náisiúnta go córas pinsin de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh. |