9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/32 |
Caingean arna tabhairt an 11 Deireadh Fómhair 2022 – Canalones Castilla v EUIPO – Canalones Novokanal (Fánphíobáin chun uisce a bhailiú; gáitéir)
(Cás T-329/22)
(2023/C 7/41)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Canalones Castilla, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: F. J. Serrano Irurzun, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Canalones Novokanal, SL (Maidrid, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail (Fánphíobháin chun uisce a bhailiú; gáitéir) – Dearadh Comhphobail Uimh. 363 486-0001
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Aibreán 2022 i gCás R 1122/2021-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
i gcás go ndiúltaítear d’éilimh an pháirtí sin ina n-iomláine, a ordú, ina breith maidir le costais lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí, go n-íocfaidh na páirtithe eile a gcostais féin. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Ní raibh bunús leordhóthanach le réamhnochtadh an dearaidh arna thaisceadh ag an iarratasóir ar neamhbhailíocht. |
— |
Mar mhalairt rogha, ní thugtar an t-imprisean ginearálta céanna leis an dearadh arna thaisceadh mar dhearadh a bhí ann cheana ag an iarratasóir ar neamhbhailíocht agus a thugtar leis an dearadh atá faoi chaibidil. |
— |
Mar mhalairt air sin, bheadh an nochtadh calaoiseach mar gheall ar mhí-úsáid ar an gcóipcheart. |