22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/41


Caingean arna tabhairt an 27 Bealtaine 2022 – PH agus Páirtithe Eile v BCE

(Cás T-323/22)

(2022/C 318/56)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: PH, PI, PJ, PK (ionadaithe: D. Hillemann, C. Fischer agus T. Ehls, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ECB-SSM-2022-EN-4 QLF-2020-0037 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Márta 2022 maidir leis an agóid i gcoinne sealúchais cháilitheacha a fháil agus i gcoinne an chaipitil agus na cearta vótála ag dul thar 50 %, arna chur in iúl ar an dáta céanna, a chur ar neamhní ex tunc;

a ordú don Bhanc Ceannais Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir aon saincheist déag dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear cur i bhfeidhm mícheart de roinn 2c mír 1b uimh. 1 den Kreditwesengesetz (KWG) (1) maidir le “iontaofacht”.

Baineann an saincheist dlí seo le neamhaird ar fhianaise a cuireadh isteach, le húsáid na gcritéar measúnaithe neamh-inghlactha agus le míbhreithiúnas ar na fíricí.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear cur i bhfeidhm mícheart ó thaobh an dlí de de roinn 2c mír 1b uimh. 4 KWG maidir le “inniúlacht ghairmiúil”.

Baineann an saincheist dlí seo le himthosca míchuí a ghlacadh mar bhunús agus gan breithniú a dhéanamh ar thaithí an chéad iarratasóra.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear cur i bhfeidhm mícheart ó thaobh an dlí de de roinn 2c mír 1b uimh. 6 KWG maidir le “fóntacht airgeadais”.

Baineann an saincheist dlí seo le ceanglais nach bhfuil aon bhunús dlí leo agus ríomh mícheart na gceanglas caipitil ag an gcosantóir.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear cur i bhfeidhm mícheart ó thaobh an dlí de de roinn 2c mír 1b uimh. 2 KWG maidir le “comhlíonadh na gceanglas stuamachta”.

Baineann an saincheist dlí seo le straitéis a shainmhíniú, nósanna imeachta chun acmhainn rioscúil a chinneadh agus a áirithiú, córas rialaithe inmheánaigh a bhunú, soláthar foirne agus gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú amach anseo.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear cur i bhfeidhm mícheart ó thaobh an dlí de de roinn 2c mír 1b uimh. 5 KWG maidir le hamhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

Baineann an saincheist dlí seo le heaspa breithnithe ar bhearta a glacadh/a pleanáileadh, fianaise curtha ar fáil agus mainneachtain ar chomharthaí amhrais atá in easnamh a aithint.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 19 agus aithris 75 sa bhrollach a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, (2) mí-úsáid cumhachtaí agus earráid mheasúnaithe maidir le foras a bheith ann le cead a dhiúltú an spriocbhanc a fháil.

Baineann an saincheist dlí seo le raon agus cáilíocht agus uainiú na fianaise a cuireadh isteach agus le maidir le ceist chleamhnas riosca an chéad iarratasóra.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain breithniú a dhéanamh ar na fíricí ábhartha agus earráidí measúnaithe.

Baineann an saincheist dlí seo le mainneachtain breithniú a dhéanamh ar fhianaise, ar dhearbhuithe agus ar fhaisnéis arna soláthar.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

Baineann an saincheist dlí seo le heaspa riachtanas éadáil a thoirmeasc agus neamhaird a thabhairt ar bhearta níos éadroime.

9.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar dhualgais chúraim agus neamhchlaontachta.

Baineann an saincheist dlí seo le mainneachtain breithniú a dhéanamh maidir le cruthúnas ar ghníomhaíocht ghnó rathúil an chéad iarratasóra agus breithniú ar imthosca nach mbaineann leis an gcinneadh a ndearnadh achomharc ina choinne.

10.

An deichiú saincheist dlí lena n-éilítear sáruithe ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Baineann an saincheist dlí seo le sárú ar an tsaoirse gairme in Airteagal 15 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus an tsaoirse iomaíochais agus an tsaoirse gníomhaíochta eacnamaíche in Airteagal 16 de.

11.

An t-aonú saincheist dlí dhéag lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú.

Baineann an tsaincheist dlí dheireanach seo le hionracas agus fóntacht airgeadais an chéad triúr iarratasóir.


(1)  Gesetz über das Kreditwesen: tá na tagairtí don reachtaíocht Ghearmánach seo le fáil san iarratas.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 83).