|
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/50 |
Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2022 – Unsa Énergie v an Coimisiún
(Cás T-322/22)
(2022/C 284/70)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Unsa Énergie (Bagnolet, an Fhrainc) (ionadaí: M.-P. Ogel, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
litir ón gCoimisiún Eorpach COMP B.2/NP/mm *comp(2022)2975325, an 8 Aibreán 2022, lena ndiúltaíonn an Coimisiún don ghearán toisc é a bheith doghlactha, a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 1(h) de Rialachán 2015/1589 (1), ar an bhforas gur thug an Coimisiún neamhaird ar choincheap an pháirtí leasmhair. Maíonn an t-iarratasóir nach dtugann an Coimisiún aird chuí ar an gcásdlí lena ndearbhaítear gur féidir ceardchumann a aithint mar pháirtí leasmhar i gcás ina léirítear go bhfeadfaí cur isteach ar a chuid leasa agus Státchabhair á deonú. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 24 de Rialachán 2015/1589 agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Maíonn an t-iarratasóir gur mhainnigh an Coimisiún a ghearán a fhiosrú nó soiléiriú a lorg ina leith, agus go sáraíodh Airteagal 24 de Rialachán 2015/1589, lena mbronntar cearta éagsúla ar pháirtithe leasmhara, dá bharr. |
(1) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).