25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 284/49


Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Scania CV v EUIPO (V8)

(Cás T-320/22)

(2022/C 284/69)

Teanga an cháis: an tSualainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Scania CV AB (Södertälje, An tSualainn) (ionadaithe: C. Langenius, P. Sundin agus S. Falkner, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (V8) – Iarratas ar chlárú uimh. 18 120 085

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Márta 2022 i gCás R 1868/2020-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní de bhun Airteagal 72 de Rialachán maidir le Trádmharc an Aontais Eorpaigh agus, trí chinneadh EUIPO a leasú, iarratas Scania ar chlárú an mhairc fíortha do na hearraí agus na seirbhísí go léir ar dhiúltaigh EUIPO don iarratas ina leith a fhormheas;

a ordú do EUIPO na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.