18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 276/21


Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2022 – Krematorium am Waldfriedhof Schwäbisch Hall v EUIPO (aquamation)

(Cás T-319/22)

(2022/C 276/30)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Krematorium am Waldfriedhof Schwäbisch Hall GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin) (ionadaithe: F. Dehn, L. Maritzen agus C. Kleiner, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar chlárú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “aquamation” – Iarratas Uimh. 18 453 264

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 29 Márta 2022 i gCás R 2154/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.