|
11.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 266/31 |
Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – celotec v EUIPO – Decotec Printing (DECOTEC)
(Cás T-308/22)
(2022/C 266/39)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: celotec GmbH & Co. KG (Sendenhorst, an Ghearmáin) (ionadaithe: E. Warnke agus J. Römelt, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Decotec Printing, SA (Barcelona, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “DECOTEC” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 10 948 032
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Márta 2022 i gCás R 1025/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
A ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |