4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/44


Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – PB v BRA

(Cás T-293/22)

(2022/C 257/62)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PB (ionadaí: N. de Montigny, avocate)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh Uachtarán SRB an 16 Iúil 2021 gan an t-iarratasóir a athaicmiú ag deireadh athaicmiú 2021 a chur ar neamhní;

a mhéid is gá, cinneadh SRB an 14 Feabhra 2022 lena ndiúltaítear don ghearán a thaisc an t-iarratasóir an 15 Deireadh Fómhair 2021 i gcoinne an chinnidh gan é a athaicmiú;

ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh na rialacha nóis imeachta is infheidhme maidir le cur chun feidhme an athaicmithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 de na forálacha ginearálta cur chun feidhme in Airteagal 54 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“DGE”).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear anailís earráideach ar Airteagal 4 de DGE agus measúnú earráideach ar na leibhéil freagrachta i ndáil le feidhm agus ní i ndáil le grád.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh rialacha nóis imeachta an chomhchoiste um athaicmiú agus an oibleagáid tuarascáil a tharraingt suas maidir le gach measúnú foirne.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an ceart rochtana ar dhoiciméid agus prionsabail na trédhearcachta, na hintuarthachta agus na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil claonadh ann, atá oibiachtúil ar a laghad, mar gheall ar an easpa faisnéise ag céimeanna éagsúla den nós imeachta.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an oibleagáid cúiseanna a thabhairt agus go ndearnadh earráidí i liosta na bhfachtóirí a ndearnadh measúnú orthu.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Iarscríbhinn II de DGE agus an meán sprice atá socraithe.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach sa measúnú ar chomhad an iarratasóra, ar a thuillteanas agus ar a shinsearacht i gcomparáid leis nacomhghleacaithe sa roinn chéanna.