4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/42


Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – Moshkovich v an Chomhairle

(Cás T-283/22)

(2022/C 257/60)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vadim Nikolaevich Moshkovich (Tambov, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, T. Bontinck, A. Guillerme, L. Burguin, M. Moretto, V. Villante agus M. Pirovano, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/396 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) a chur ar neamhní; agus

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith le sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus ar Airteagal 296 CFAE.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe agus sárú ar na critéir a leagtar amach in Airteagail 1(1) agus 2(1) de Chinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus sárú ar chearta bunúsacha an Iarratasóra chun maoine agus a shaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagail 16 agus 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal bunúsach an neamh-idirdhealaithe.


(1)  IO 2022, L 80, lch. 31.

(2)  IO 2022, L 80, lch. 1.