4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/33


Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – BSW – management company of “BMC” holding v an Chomhairle

(Cás T-258/22)

(2022/C 257/48)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AAT Byelorussian Steel Works – management company of “Byelorussian Metallurgical Company” holding (BSW – management company of “BMC” holding) (Zhlobin, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2) a chur ar neamhní ina n-iomláine sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis na bearta atá faoi chonspóid an dualgas cúiseanna a lua, an ceart chun éisteacht chóir a fháil agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis na bearta atá faoi chonspóid prionsabal na córa comhionainne agus mí-úsáid cumhachtaí.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil na bearta atá faoi chonspóid dhíréireach, go sáraítear inniúlachtaí reachtúla an Aontais agus cearta bunúsacha an Iarratasóra leo.


(1)  IO 2022, L 67, lch. 103.

(2)  IO 2022, L 67, lch. 1.