|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/64 |
Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – Pharmaselect International v EUIPO – OmniActive Health Technologies (LUTAMAX)
(Cás T-221/22)
(2022/C 237/86)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Pharmaselect International Beteiligungs GmbH (Vín, an Ostair) (ionadaithe: S. Jackermeier agus D. Wiedemann, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: OmniActive Health Technologies Ltd (Mumbai, an India)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “LUTAMAX” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 472 974
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 24 Feabhra 2022 i gCásanna Uamtha R 524/2021-1 agus R 649/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú go leanfadh focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh LUTAMAX de bheith cláraithe do na táirgí seo a leanas: Aicme 5: Cógais lena n-úsáid ag an duine agus ag ainmhithe; Substaintí diaitéiteacha arna gcur in oiriúint chun críche úsáide míochaine, Forlíontaí cothaithe arna gcur in oiriúint chun críche úsáide míochaine nó diaitéití; Ullmhóidí vitimíní arna gcur in oiriúint chun críche úsáide míochaine nó diaitéití; Ullmhóidí cúraim súl (chun críche cógaisíochta); gan aon cheann de na táirgí réamhráite chun críche tréidliachta; Aicme 29: Táirgí bia diaitéiteacha agus forlíontaí bia, nár cuireadh in oiriúint chun críche úsáide míochaine (arna n-áirithiú in aicme 29); Olaí agus saillte inite; Aicme 30: Táirgí bia diaitéiteacha agus forlíontaí bia, nár cuireadh in oiriúint chun críche úsáide míochaine (arna n-áirithiú in aicme 30); |
|
— |
a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheist (Saincheisteanna) dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |