20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/63


Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – CiviBank v BCE

(Cás T-220/22)

(2022/C 237/85)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Banca di Cividale SpA – Società Benefit (CiviBank) (Cividale del Friuli, an Iodáil) (ionadaithe: M. Merola, A. Cassano agus A. Cogoni, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 23 Márta 2022 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) (ECB-SSM-2022-IT-7 (QLF-2021-0155)) (atá in aon bheart amháin nó i roinnt beart) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263(4) CFAE lenar eisigh BCE an t-údarú chuig Banca Sparkasse agus chuig an Fondazione Sparkasse: (i) sealúchas cáilitheach de níos mó ná 10 % de chaipiteal agus cearta vótála CiviBank a fháil agus a choimeád (ii) ar dhul thar an tairseach thuasluaite agus ar leas rialála a fháil go díreach in CiviBank, tar éis agus mar éifeacht de na dtairiscintí táthcheangail phoiblí deonach agus iomlán arna bhfógairt don mhargadh an 9 Nollaig 2021 de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (1) ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, Airteagail 19, 22, 53 agus 67 den Acht Baincéireachta an Iodáil agus na forálacha cur chun feidhme lena mbaineann;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear cur i bhfeidhm earráideach d’Airteagal 23 de Threoir 2013/36, chomh maith le sárú ar Airteagal 86 de Rialachán 468/2014, Airteagal 49 CFAE, agus prionsabal ginearálta dhlí an Aontais maidir le neamh-idirdhealú, sa mheasúnú maidir le hoiriúnacht an fhaighteora.

2.

An dara saincheist dlí. lena n-eilítear mainneachtain cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, as a dtagann sárú ar Airteagal 296 CFAE, ar na cearta cosanta a ráthaítear le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus ar na prionsabail ghinearálta chomhfhreagracha dlí a thig as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287 lch. 63).