|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/61 |
Caingean arna tabhairt an 20 Aibreán 2022 – Lifestyle Equities v EUIPO – Greenwich Polo Club (GREENWICH POLO CLUB)
(Cás T-217/22)
(2022/C 237/82)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Lifestyle Equities CV (Amstelveen, an Ísiltír) (ionadaí: S. Terpstra, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Greenwich Polo Club, Inc. (Greenwich, Connecticut, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “GREENWICH POLO CLUB” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 919 256
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Feabhra 2022 i gCás R 1063/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |