|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/56 |
Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2022 – an Pholainn v an Coimisiún
(Cás T-200/22)
(2022/C 237/75)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinntí an Choimisiúin Eorpaigh atá sna litreacha dar dátaí an 7 Feabhra 2022, an 8 Feabhra 2022, an 16 Márta 2022 agus an 31 Márta 2022, i ndáil leis na méideanna is infhaighte a fhritháireamh trí íocaíochtaí pionósacha laethúil a d’fhorchuir Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2021 (Poblacht na Seice v an Pholainn) maidir leis an tréimhse ón 20 Meán Fómhair 2021 go dtí an 17 Eanáir 2022 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear easpa inniúlachta an Choimisiúin agus sárú ar Airteagail 101 agus 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 98 den Rialachán sin, mar thoradh ar an nós imeachta um méideanna is infhaighte a aisghabháil trí fhritháireamh, in ainneoin nach ann do na méideanna sin a thuilleadh. Áitíonn an t-iarratasóir nach raibh aon bhunús dlí ag an gCoimisiún na cinntí atá faoi chonspóid a ghlacadh ós rud é, mar thoradh ar an gcomhaontú maidir le réiteach a tugadh i gcrích idir rialtais na Polainne agus na Seice, de bharr go ndearna an dá pháirtí aon éileamh a tharscaoileadh agus gur baineadh Cás C-121/21 (2) ó chlár na Cúirte Breithiúnais, nach raibh éifeacht chúlghabhálach ag ordú an 20 Meán Fómhair 2021 a thuilleadh. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 296 CFAE, comh maith le hAirteagail 41(2)(c) agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, toisc gan ráiteas cúiseanna leordhóthanach a bheith sna cinntí atá faoi chonspóid. Áitíonn an t-iarratasóir, agus na cinntí atá faoi chonspóid á nglacadh, gur mhainnigh an Coimisiún ráiteas cúiseanna a chur ar fáil, mar a cheanglaítear leis an gConradh agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ag féachaint do bhunús dlí an nós imeachta um na méideanna is infhaighte a aisghabháil arna dhéanamh trí bhíthin na gcinntí sin. |
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(2) Ordú an 4 Feabhra 2022, Poblacht na Seice v an Pholainn (mianach Turów), C-121/21, neamhfhoilsithe, EU:C:2022:82