23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/38


Caingean arna taisceadh an 5 Aibreán 2022 – Farco-Pharma v EUIPO – Infarco (FARCO)

(Cás T-179/22)

(2022/C 207/72)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Farco-Pharma GmbH (Köln, an Ghearmáin) (ionadaí: V. Schoene, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Infarco SA (Maidrid, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir: An t-iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “FARCO” agus dath dearg, bán agus dubh air – Iarratas Uimh. 17 838 178

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Eanáir 2022 i gCás R 172/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid, inar dheimhnigh an Bord Achomhairc gur éirigh le cur i gcoinne B 3 054 342 in aghaidh mharc fíortha Uimh. 17 838 178, a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO i gcomhair athscrúdú.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.