23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/33


Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2022 – Transformers Manufacturing Company v EUIPO – H&F (TMC TRANSFORMERS)

(Cás T-167/22)

(2022/C 207/64)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Transformers Manufacturing Company Pty Ltd (Melbourne, an Astráil) (ionadaí: F. Caricato, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: H&F Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: an t-iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “TMC TRANSFORMERS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 264 664

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Feabhra 2022 i gCás R 1212/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú, i dtosach báire agus trí réamhrialú, nach bhfuil seasamh ag H&F Srl agus a dhearbhú go bhfuil na himeachtaí ar chéim I agus II os comhair EUIPO do-ghlactha;

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de agus nach bhfuil cúiseanna luaite ann;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de;

a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí costais na dtrí chás a íoc.

Saincheisteanna dlí

Easpa sheasamh H&F Srl maidir le cás a thabhairt, nár thug EUIPO cinneadh ná cúiseanna ina leith;

Measúnú mícheart ar an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann (Airt. 8 de Rialachán [CE] Uimh. 207/2009 ón gComhairle) ó thaobh fíoras agus an dlí de;

Easpa cúiseanna leis an gcinneadh.