23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/32 |
Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2022 – Transformers Manufacturing Company v EUIPO – H&F (TMC TRANSFORMERS)
(Cás T-163/22)
(2022/C 207/63)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Transformers Manufacturing Company Pty Ltd (Melbourne, an Astráil) (ionadaí: F. Caricato, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: H&F Srl (Milano, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir ar an trádmharc atá faoi cheist: an t-iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “TMC TRANSFORMERS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 262 668
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2022 i gCás R 1211/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú, i dtosach báire agus trí réamhrialú, nach bhfuil seasamh ag H&F Srl agus a dhearbhú go bhfuil na himeachtaí ar chéim I agus II os comhair EUIPO do-ghlactha; |
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de agus nach bhfuil cúiseanna luaite ann; |
— |
mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais toisc go bhfuil sé gan bhunús ó thaobh fíoras agus an dlí de; |
— |
a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí costais na dtrí chás a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Easpa sheasamh H&F Srl maidir le cás a thabhairt, nár thug EUIPO cinneadh ná cúiseanna ina leith; |
— |
Measúnú mícheart i dtaca leis an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann (Airteagal 8 de Rialachán [CE] Uimh. 207/2009 ón gComhairle) ó thaobh fíoras agus an dlí de; |
— |
Easpa cúiseanna leis an gcinneadh. |