16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 198/45


Caingean arna tabhairt an 16 Márta 2022 – Korporaciya “Masternet” v EUIPO – Stayer Ibérica (STAYER)

(Cás T-155/22)

(2022/C 198/88)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: ZAO Korporaciya “Masternet” (Moscó, an Rúis) (ionadaí: N. Bürglen, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Stayer Ibérica, SA (Pinto, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “STAYER” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 498 015

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí le haghaidh neamhniú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Nollaig 2021 i gCás R 931/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle.