11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 158/12


Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2022 – Baert v an Coimisiún

(Cás T-111/22)

(2022/C 158/18)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Rhonny Baert (Deinze, an Bheilg) (ionadaithe: D. Grisay agus A. Ansay, dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an t-iarratas seo maidir le neamhniú/dliteanas seachchonarthach a ghlacadh;

a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha agus, dá réir sin:

go príomha,

a dhearbhú go bhfuil bunús leis an gcaingean le haghaidh neamhniú, agus a rialú go bhfuil an diúltú intuigthe ón údarás ceapacháin (an tÚdarás Ceapacháin) an 28 Feabhra 2022, chomh maith leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach an 21 Nollaig (fógra cinnidh) ar neamhní, ar na forais seo a leanas:

go bhfuil Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 11 d’Iarscríbhinn VIII de na Rialacháin Foirne, ar a bhfuil an fógra cinnidh atá dírithe chuig an iarratasóir bunaithe, neamhdhleathach;

ós rud é nár thairg an Coimisiún Eorpach don iarratasóir, ina fhógra cinnidh, aon aisíocaíocht ar na cearta pinsin nach bhfuil aitheanta ag an údarás inniúil Eorpach, theip ar an gCoimisiún ina dhualgas cúraim;

ós rud é nár thairg an Coimisiún Eorpach don iarratasóir, ina fhógra cinnidh, aon aisíocaíocht ar na cearta pinsin nach bhfuil aitheanta ag an údarás inniúil Eorpach, sháraigh an Coimisiún prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe;

agus an cás a tharchur ar ais chuig an Údarás Ceapacháin chun go gcinnfidh sé an méid atá le tabhairt ar ais don iarratasóir

de rogha air sin,

an caingean le haghaidh cúitimh atá bunaithe ar shaibhriú éagórach a dhearbhú bunaithe ar an bhforas gur baineadh méid ó chearta pinsin an iarratasóra a ranníocaíodh lena scéim pinsean náisiúnta, nár chuir údarás inniúil an Aontais san áireamh, agus a bhfuil ciste pinsin an Aontais Eorpaigh saibhrithe dá réir acu;

a ordú don Choimisiún an dá chaillteanas airgeadais a d’fhulaing an t-iarratasóir a chúiteamh, arna measúnú ar an lá a rinneadh an t-iarratas seo ar mhéid EUR 31 066,80 i gcaipiteal nó 39,18 % ar a laghad de na riaráistí tréimhsiúla atá bailithe ag an gCoimisiún ón 1 Feabhra 2017, le méadú faoin gcéatadán céanna do riaráistí sa todhchaí;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena ndéantar pléadáil neamhdhleathachta de réir Airteagal 77(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) agus Airteagal 11(2), d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin. Áitíonn an t-iarratasóir go bhforáiltear leis na forálacha thuasluaite nach mór don oifigeach cinneadh a dhéanamh a chearta pinsin, arna gcarnadh sa chóras náisiúnta, a aistriú chuig Ciste Pinsin an Aontais Eorpaigh (“CPAE”) sna deich mbliana tar éis thús a chuid gníomhaíochta i seirbhísí institiúidí an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, ní féidir leis an státseirbhíseach a rinne an t-aistriú méid an aistrithe féideartha a mheasúnú i gceart go dtí go n-imíonn sé ar scor, go háirithe mar gheall ar an riail a chuireann teorainn le méid na bpinsean de 70 %. Tagann an t-iarratasóir ar an gconclúid ón méid sin go gcruthaítear difríocht sa chóir leis an riail sin, i gcomparáid le hoifigeach a chaith a ghairm bheatha ar fad sa chóras Eorpach, lena bhfuiltear ag sárú phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na dualgais chun cúnamh agus cúram a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne. Dearbhaíonn an t-iarratasóir, agus cearta pinsin á n-aistriú ón gcóras náisiúnta go dtí CPUE, go bhfaigheann oifigigh tábla ón gCoimisiún, de ghnáth, ina sonraítear an bhfuil siad i dteideal aisíocaíochta a fháil ar an méid comhionann achtúireach neamhfhóirdheonaithe a ranníoctar lena mbunscéim náisiúnta, nach bhfuil aitheanta i gcóras pinsin an Aontais. Ina theannta sin, is gnách go ndéantar aisíocaíocht gan srianta nó nósanna imeachta sonracha. Mar sin féin, dar leis an iarratasóir, ní bhfuair sí an tábla sin ná aon aisíocaíocht

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. Measann an t-iarratasóir nach bhfuil údar maith de réir critéar oibiachtúil le hidirdhealú idir oifigigh áirithe a ndeonaítear aisíocaíocht dóibh nuair a aistrítear a gcearta pinsin agus daoine eile nach amhlaidh an cás dóibh..

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear dliteanas neamhchonarthach mar gheall ar shaibhriú éagórach a bheith ann lena ndéantar dochar don iarratasóir.