11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 158/10


Caingean arna tabhairt an 25 Feabhra 2022 – An Ungáir v An Coimisiún Eorpach

(Cás T-104/22)

(2022/C 158/15)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: An Ungáir (ionadaithe M. Z. Fehér agus G. Koós, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an Choimisiúin an 14 Nollaig 2021, lena ndéantar athbhreithniú ar na hagóidí arna ndéanamh ag an Ungáir i gcoinne an nochtaithe, maidir leis an iarratas dearbhúcháin GESTDEM 2021/2808, arna chur isteach chun críche rochtain an phobail ar dhoiciméid arna mbunú san Ungáir a ráthú, a neamhniú.

A ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Sa chinneadh atá faoi chonspóid, cheadaigh an Coimisiún rochtain pháirteach don phobail ar dhoiciméid arna n-iarraidh ag an iarratasóir, cé go raibh údaráis na hUngáire tar éis an eisceacht maidir le cosaint an phróisis cinnteoireachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 (1) a agairt go sonrach agus go raibh glactha ag an gCoimisiún léi sa chás seo go dtí go ndearnadh an t-iarratas dearbhúcháin.

Áitíonn Rialtas na hUngáire ní hamháin go bhfuil léirmhíniú an Choimisiúin sa chinneadh atá faoi chonspóid ar neamhréir leis an gcleachtas arna leanúint ag an gCoimisiún go dtí seo agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ach go gcothaíonn sé, mar bharr ar sin, dochar tromchúiseach don chomhar idir an Choimisiún agus údaráis bhainistíochta na mBallstáit. Anuas ar fhorais chosanta Rialtas na hUngáire maidir le leasú na gclár oibríochtúil, áitítear go bhfuil próiseas cinnteoireachta ag institiúid de chuid an Aontais, a thagraíonn do thoiliú ón gCoimisiún, agus, maidir leis an bhforas seo, go bhfuil feidhm ag eisceacht Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 — tugann sé le fios go láidir gurb é sainiúlacht na n-imeachtaí seo, faoin gcreat comhchoiteann bainistíochta, ná go ndéantar cinneadh an Bhallstáit faoi dhianmhaoirseacht an Choimisiúin. Go foirmiúil, cé gur cinneadh de chuid údarás an Bhallstáit é, is léir go bhfuil tionchar follasach ag an gCoimisiún air, agus ar an gcúis sin, tá sé níos neamh-inghlactha arís nach dtugann an eisceacht thuasluaite cosaint do chinneadh den sórt sin. Tá an eisceacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 beartaithe chun cinnteoireacht údaráis na mBallstát a chosaint freisin.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 30 Bealtaine 2001, maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO 2001, L 145, lch 43).