19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 165/33 |
Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2022 – OG agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-101/22)
(2022/C 165/47)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóirí: OG, OH, OI agus OJ (ionadaí: D. Gómez Fernández, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Airteagal 1 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 (1) ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil, a neamhniú. |
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar rialacha inniúlachta agus ar rialacha Airteagal 290(1) CFAE.
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar rialacha iomaíochta agus ar rialacha Airteagail 290(1) CFAE.
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart bunúsach saorghluaiseachta, mar a chumhdaítear in Airteagal 21 CFAE, ar Airteagal 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, ar Airteagal 27 de Threoir 2004/38/CE an 29 Aibreán agus ar phrionsabal na comhréireachta.
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha na Cairte maidir le comhionannas os comhair an dlí (Airteagal 20) agus maidir le neamh-idirdhealú (Airteagal 21), chomh maith le cearta an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine (CECD) lena bhfuil siad ar aon dul, mar gheall ar chóireáil éagsúil a thabhairt isteach idir daoine atá vacsaínithe go hiomlán agus daoine a bhfuil an teanndáileog acu. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear easpa inniúlachta mar gheall ar anábhar.
|
6. |
An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt maidir le saoirse (Airteagal 6), meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), dínit an duine (Airteagal 1) agus iomláine an duine (Airteagal 3), chomh maith le cearta CECD lena bhfuil siad ar aon dul, trí vacsaíniú na teanndáileoga fhorchur ionas nach gcaillfí an Deimhniú Vacsaínithe. |
7. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear mí-úsáid cumhachta.
|
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil.
(2) Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID- 19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID- 19.