4.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 148/39


Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Ciar/EUIPO – Motion (Gléas láimhseála)

(Cás T-100/22)

(2022/C 148/63)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Ciar SpA (Pesaro, an Iodáil) (ionadaithe: L. Goglia, S. Lavagnini, B. Villa, dlíodórí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Motion SpA (Forlì, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail (gléas láimhseála) Uimh. 002 237 495-0009

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí le haghaidh neamhniú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Nollaig 2021 i gCás R 50/2017-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus chuige sin glacadh leis an gcinneadh de chuid an Rannáin Cealúcháin nó in aon chás a dhearbhú go bhfuil an dearadh Comhphobail faoi chonspóid ar neamhní

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle agus cur i bhfeidhm mícheart den chéanna;

Sárú ar Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle agus cur i bhfeidhm mícheart den chéanna;

Sárú ar Airteagal 63(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.