11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 158/9


Caingean arna tabhairt an 16 Feabhra 2022 – Korporaciya “Masternet” v EUIPO – Stayer Ibérica (STAYER)

(Cás T-85/22)

(2022/C 158/14)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: ZAO Korporaciya “Masternet” (Moscó, an Rúis) (ionadaí: N. Bürglen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Stayer Ibérica, SA (Pinto, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “STAYER” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 498 395

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 16 Nollaig 2021 i gCás R 932/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 15 de Rialachán (EC) Uimh. 207/2009 ón gComhairle.