4.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 148/32


Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2022 – Credit Suisse Group agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-84/22)

(2022/C 148/52)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Credit Suisse Group AG (Zurich, an Eilvéis), Credit Suisse AG (Zurich), Credit Suisse Securities (Europe) Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: R. Wesseling agus F. Brouwer, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh críochnaitheach C(2021) 8612 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2021 i gCás AT.40135 – FOREX (Sterling Lads) (an “Cinneadh”) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263 CFAE;

Mar mhalairt ar sin, Airteagal 1 den Chinneadh a neamhniú i bpáirt de bhun Airteagal 263 CFAE agus an fhíneáil a fhorchuirtear in Airteagal 2 den Chinneadh de bhun Airteagal 261 CFAE a laghdú;

I gcás ar bith, méid na fíneála a fhorchuirtear in Airteagal 2 den Chinneadh a laghdú de bhun Airteagal 261 CFAE;

A fhorordú, mar bheart eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin de bhun Airteagal 88(1) agus Airteagal 89(3)(d) nó 91(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta faoi seach, don Choimisiúin cinneadh maidir le socrú a ghlacadh;

a ordú don Choimisiún costais na nIarratasóirí a íoc nó, mar mhalairt air sin, sciar dá gcostais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 101 CFAE agus gur mhainnigh sé cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt chun a chinneadh gur comhaontuithe agus/nó cleachtais chomhbheartaithe iad na Comhráite Malartaithe Faisnéise. Go sonrach,

theip ar an gCoimisiún an fhianaise is gá a thabhairt ar aird chun a shuíomh gurb ann don Chomhthuiscint Fholuiteach agus dá bhrí sin, gur comhaontú agus/nó cleachtas comhbheartaithe de réir bhrí Airteagal 101 CFAE atá sna Comhráite Malartaithe Faisnéise;

mar mhalairt ar sin, ní féidir leis an bhfianaise a bhfuil an Coimisiún ag brath uirthi an caighdeán dlíthiúil is gá a bhaint amach chun a chruthú gur comhaontú agus/nó cleachtas comhbheartaithe de réir bhrí Airteagal 101 CFAE iad na Comhráite Malartú Faisnéise.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 101 CFAE agus gur thug sé cúiseanna neamh-leordhóthanacha le cinneadh a dhéanamh go raibh sé mar chuspóir ag na Comhráite Malartaithe Faisnéise, a scartar ina n-aonar nó a chaitear leo mar chuid de shárú aonair agus leanúnach arna líomhain ina bhfuil iompar arna líomhain eile ann nach bhfuil CS faoidhliteanas i ndáil leis, srian a chur agus/nó saobhadh a dhéanamh ar an iomaíocht. Go sonrach,

mhainnigh an Coimisiún a dhualgas cruthúnais a urscaoileadh faoi Airteagal 101 CFAE go gcuireann na Comhráite Malartaithe Faisnéise srian ar an iomaíocht trí chuspóir.

rinne an Coimisiún earráid dlí trí chinneadh a dhéanamh go bhfuil míniú dlisteanach ar iompar agus éifeachtaí i bhfabhar na hiomaíochta neamhábhartha faoi Airteagal 101(1) CFAE.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 101 CFAE agus gur thug sé cúiseanna neamh-leordhóthanacha chun coincheap an tsáraithe aonair agus an tsáraithe leanúnaigh a chur i bhfeidhm. Go sonrach,

mhainnigh an Coimisiún a chruthú agus cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt go raibh plean foriomlán ann ag tabhairt faoi chomhchuspóir a raibh sé beartaithe ag CS cur leis nó a raibh sé eolach air nó a d’fhéadfadh sé a thuar;

rinne an Coimisiún earráid dlí trí chinneadh a dhéanamh gur gné de shárú aonair agus leanúnach arna líomhain í an Chomhthuiscint Fholuiteach.

4.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 23 de Rialachán 1/2003, na Treoirlínte maidir le Fíneálacha, prionsabail na comhréireachta agus na córa comhionainne agus an dualgas cúiseanna a thabhairt. Go sonrach,

ghlac an Coimisiún le hionadú luach díolacháin a dhéanann áibhéil go suntasach agus go treallach ar luach díolacháin CS agus dá bhrí sin ar thábhacht eacnamaíoch an tsáraithe arna líomhain, ag tréigean an choincheapa “luach díolachán” sna Treoirlínte Fíneála;

tá an laghdú arna dheonú do CS le haghaidh imthosca maolaitheacha íseal go díréireach agus ní chuirtear imthosca maolaitheacha eile san áireamh;

déanann an fhíneáil arna fhorchur ar CS áibhéil ar a thromchúisí atá an sárú arna líomhain go suntasach;

sáraíonn an fhíneáil arna fhorchur ar CS prionsabal na córa comhionainne;

mhainnigh an Coimisiún cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt ionas go mbeadh an Chúirt in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht ríomh fhíneáil CS i gcomparáid le ríomh na bpáirtithe páirtithe a tháinig ar shocrú.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún prionsabal an dea-riaracháin agus gur sháraigh sé ceart cosanta CS trí mhainneachtain imscrúdú dúthrachtach neamhchlaonta a dhéanamh.