|
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 148/25 |
Caingean arna tabhairt an 1 Feabhra 2022 – Brooks England v EUIPO – Brooks Sports (BROOKS ENGLAND)
(Cás T-63/22)
(2022/C 148/44)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Brooks England Ltd (Smethwick, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: S. Feltrinelli, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Brooks Sports, Inc. (Seattle, Washington, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “BROOKS ENGLAND” – Iarratas ar chlárú Uimh. 3 298 321
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Samhain 2021 i gCás R 2432/2020-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
glacadh leis an gcaingean a thionscain an t-iarratasóir; |
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú go hiomlán agus a dhearbhú, dá bhrí sin, gur cheart an comhartha a chonspóidtear a chlárú le haghaidh na n-earraí go léir a chonspóidtear; |
|
— |
mar iarraidh thánaisteach, an cinneadh faoi chonspóid lena ndearbhaítear gur cheart an comhartha a chonspóidtear a chlárú, ar a laghad le haghaidh na n-earraí a chonspóidtear in aicme 18, a neamhniú go páirteach; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais dlí a bhí ar an iarratasóir maidir leis na himeachtaí roimhe seo agus na himeachtaí reatha a aisíoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mheasúnú earráideach a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbeidh mearbhall ann idir an comhartha a chonspóidtear agus an trádmharc níos luaithe; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mheasúnú earráideach a dhéanamh ar an bhfianaise maidir le húsáid an trádmhairc níos luaithe; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mheasúnú earráideach a dhéanamh ar chomparáid na n-earraí; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mheasúnú earráideach a dhéanamh ar an gcomparáid idir na comharthaí agus an dóchúlacht comhcheangail. |