21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 128/14


Caingean arna tabhairt an 28 Eanáir 2022 – Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne v EUIPO – Ambrosetti Group (TEHA)

(Cás T-60/22)

(2022/C 128/43)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne (Châlons-en-Champagne, An Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ambrosetti Group Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach ar mharc fíortha TEHA – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 404 100

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Samhain 2021 i gCás R 839/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag réamhtheachtaí an iarratasóra i dteideal chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Cheathrú Bord Achomhairc de EUIPO.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.