11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 158/8


Caingean arna tabhairt an 26 Eanáir 2022 – an Ríocht Aontaithe v an Coimisiún

(Cás T-56/22)

(2022/C 158/13)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (ionadaithe: L. Baxter, i gcáil Gníomhaire, agus T. Buley, Abhcóide)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (EU) Uimh. 2021/2019 (1) an chosantóra a neamhniú, sa mhéid is go ndéanann sé caiteachas áirithe a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh arna dtabhú ag ghníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe an iarratasóra faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) don chúis luaite a laige atá an sainmhíniú ar “fheirmeoir gníomhach – cuideachtaí bainteacha”; agus

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena líomhnaítear go bhfuil léirmhíniú an chosantóra ar Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (2) mícheart. I ndearcadh an iarratasóra, ní bhaineann Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ach amháin le híocaíochtaí díreacha chuig feirmeoirí (mar a shainítear in Airteagal 4 den Rialachán thuasluaite) a oibríonn an bonneagar nó na seirbhísí ábhartha iad féin. Áitíonn an t-iarratasóir gur chinn an cosantóir go mícheart mar:

i. Nach bhfuil d’éifeacht ag foclaíocht agus brí Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 íocaíochtaí chuig feirmeoir a chosc díreach toisc go ndéanann eintiteas bainteach éigin gníomhaíocht atá ar liosta diúltach an airteagail sin.

ii. Nach bhfuil bonn cuspóiriúil nó teileolaíoch le léirmhíniú an Choimisiúin ar Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, nach bhfuil de réir críocha an Airteagail sin.


(1)  IO 2021, L 413, lch. 3.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013, L 347, lch. 608).