|
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 148/22 |
Caingean arna tabhairt an 21 Eanáir 2022 – Fundacja Instytut na rzecz Kultury Prawnej Ordo Iuris v an Pharlaimint
(Cás T-41/22)
(2022/C 148/41)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Fundacja Instytut na rzecz Kultury Prawnej Ordo Iuris (Vársá, an Pholainn) (ionadaithe: K. Koźmiński agus T. Siemiński, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
An Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 a chur ar neamhní ina iomláine ar chomóradh bliana an toirmisc de facto ar ghinmhilleadh sa Pholainn [2021/2925(RSP)]; |
|
— |
Mar mhalairt rogha, má dhéanann an Chúirt an t-iarratas neamhnithe a dhíbhe ina iomláine, an cinneadh i bpáirt a chur ar neamhní, eadhon an pháirt a fhreagraíonn don litir “Y” a léitear mar seo a leanas: “de bhrí go raibh eagraíocht bhunúsaí, Ordo Iuris, a bhfuil dlúthbhaint aici leis an gcomhghuaillíocht rialaithe, ina ceann feadhna taobh thiar de na feachtais lena mbaintear an bonn de chearta an duine agus den chomhionannas inscne sa Pholainn, lena n-áirítear na hiarrachtaí chun ginmhilleadh a chosc, na hiarrataí go dtarraingeodh an Pholainn siar ó Choinbhinsiún Iostanbúl agus na hiarrataí go gcruthófaí saorlimistéir-LADTI mar a thugtar orthu; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil mí-úsáid á baint as luachanna cultúrtha agus reiligiúnacha sa Pholainn mar chúiseanna chun bac a chur ar fhíorú iomlán chearta na mban, ar chomhionannas do mhná agus ar a gceart cinntí a dhéanamh maidir lena gcoirp féin”; |
|
— |
A ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil dlínse ag Parlaimint na hEorpa an rún faoi chonspóid a ghlacadh, ar an bhforas nach dtagann ábhar an rúin faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh a thugann na Ballstát don Aontas leis na Conarthaí nó gur baineadh mí-úsáid as a cumhacht trí fhoirm dhlíthiúil an rúin a úsáid mar ionstraim ar mhaithe le dul timpeall ar an gceanglas gur gá na Conarthaí a leasú chun dlínse nach dtugtar don Aontas Eorpach leis na Conarthaí a thabhairt don Aontas Eorpach. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na Conarthaí nó na rialacha dlí a bhaineann lena gcur chun feidhme, eadhon, sárú ar Airteagail 2(4), 6(3) agus 10 CAE a mhéid, maidir leis an rún sin:
|