28.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 138/12


Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2022 – Romedor Pharma v EUIPO – Perfect Care Distribution (PERFECT FARMA CERVIRON)

(Cás T-36/22)

(2022/C 138/27)

Teanga an cháis: an Rómáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Romedor Pharma (Focşani, an Rómáin) (ionadaí: E. Dicu, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Perfect Care Distribution (Búcairist, an Rómáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “PERFECT FARMA CERVIRON” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 10 864 511

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí le haghaidh neamhniú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Samhain 2021 i gCás R 522/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

glacadh leis an iarratas réasúnaithe arna leagan amach;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus dá bhrí sin glacadh leis an iarratas ar Thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 10 864 511 a neamhniú.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 60(1)(c) i gcomhar le hAirteagal 8(4) de Rialachán Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.