7.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 109/15


Caingean arna tabhairt an 18 Eanáir 2022 – Innovaciones Cosmético Farmacéuticas v EUIPO – Benito Oliver (th pharma)

(Cás T-27/22)

(2022/C 109/40)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Innovaciones Cosmético Farmacéuticas SL (Alhama de Murcia, An Spáinn) (ionadaí: J. Oria Sousa-Montes, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Miguel Ángel Benito Oliver (Pont D’Inca-Marratxi, An Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “th pharma” Iarratas ar chlárú Uimh. 17 916 522

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 9 Samhain 2021 i gCás R 1605/2020-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

A ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) agus ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.